Caibidil 1: Mé féin agus an Ghaeilge

A chathaoirleach, a mholtóirí, lucht an fhreasúra agus a lucht éisteachta is é an rún atá le plé againn inniu ná An Ghaeilge, Poodles agus UCC. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom féin a chuir in aithne díobh ar fad. Is mise Seán Ó RIabhaigh, nó Seánie Poodles mar a ghlaonn cuid is mó daoine orm agus is mise bhur n-Oifigeach Gaeilge don bhliain acadúla 2015-16. Is Corcaíoch go smior mé, rugadh agus tógadh mé sa chathair anseo ach táím ag labhairt as Gaeilge ó a bhíos timpeall 3 nó a 4. D’fhreastal mé ar Naíonra, pre-school lán ghaelann is ea é, agus ansin chuaigh mé ar aghaidh go dtí Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa i mBaile Féitheán. I ndiaidh é sin d’fhreastal mé ar GhaelCholáiste Dáibhéid atá suite i lar na cathrach. Faoi láthair táim ag staidéar an Ghaeilge agus an Stair agus táim sa tarna bliain. Anuraidh i mo chéad léacht riomh san Ollscoil chuaigh mé le haghaidh ionadaí ranga don Ghaeilge agus bhuaigh mé toisc go bhfuilim có-dháthúil agus greanmhar! Ón lá sin bhí fhios agam go mbeadh suim agam bheith lárnach i ról an Ghaeilge anseo in UCC agus is é sin an fáth gur rith mé le haghaidh Oifigeach Gaeilge.

Go dtí seo i mbliana bhíos ag obair go dian leis an gcoiste iontach atá ag an gCuallacht, an Chumann Gaeilge anseo in UCC. Bhí cóisir iontach againn cúpla seachtain ó shin thíos sa Rock agus díreach an Máirt seo chaite bhí Turas Gaelach an-ráthúil againn. An rud is mó domsa i mbliana, áfach, is ea Seachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl on 12ú Deireadh Fómhair go dtí an 16ú Deireadh Fómhair. Beidh ám chlár cinnte agam agus na sonraí ar fad don seachtain sa phíosa a bheidh agam an tseachtain seo chugainn le cúnamh dé. Eolas cinnte atá agam ná dáta do Bhál na Gaeilge. Beidh sé sinn ar siúl ar an 15ú Deireadh Fómhair in óstan Clarion. Is é Bál na Gaeilge an imeacht is mó agus is fearr i rith an bhliain ó thaobh na Gaeilge de. Cinnte bígí linn ag an mbál.

I mbliana tá sé i gceist ag Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Aidan Coffey, imeacht mór a chuir ar siúl i ngach mí le haghaidh R&G agus mar a dúras i mo fhorógra anuraidh teastaíonn uaim imeacht mór Ghaelann a dhéanamh le haghaidh R&G. Bhuel i mí Eanair i rith Seachtain Chultúir na hÉireann beidh Céílí Mór á chuir ar siúl agamsa le gach píosa airgead  a fhaightear ag dul go dtí na catharnachta R&G. Arís beidh níos mó eolas agam faoin imeacht nios cóngraí dom ám ach cinnte beidh an imeacht ceann dos na himeachtaí R&G is fearr i mbliana.

Chun críochnú suas ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil le TheBuzz.ie as ucht an cuireadh chun bheith ag scríobh dóibh. Má tá aon cheisteanna ag éinne maidir le aon rus Ghaelann de ná bí chuathalach. Seol riomhphoist chugam ar irish@uccsu.ie nó chuir teachtaireacht ar an leathanach Facebook UCCSU Gaeilge.

Go dtí an chéad uair eile beirigí beo gach duine.

Le grá,

Seánie Poodles xx

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s