Caibidil 3: Seachtain na Gaeilge 2.0

Tá blur n-oifigeach Poodles ar lámh chun roinnt dea-scéal a roinnt libh.

Dia dhaoibh arís a chairde! Ar dtús teastaíonn uaim mo bhrón a chuir in iúl mar gheall ar an easpa ailt atá scríobhta agam le déanaí!

Mar is eol díobh bhí Seachtain na Gaeilge anseo againn in UCC i Mí Dheireadh Fómhair. Bhí seachtain an-ráthúil agam fhéin agus ag an gCuallacht. Bhí na sluaite againn ag na himeachtaí a bhí ar súil agus bhain gach duine an-thaitneamh as na himeachtaí go léir.

Ar an Luan tháinig daoine ar champas chun roinnt ‘clingfilm’ a fheiscint timpeall na háite ag cuir Seachtain na Gaeilge in iúl dóibh. An oíche sin bhí collab idir An Chuallacht agus Harry PotterSoc agus bhí ‘Harry Potter and the Half-Blood Prince’ cúrtha ar súil as Gaeilge síos sa WGB. Bhí grán rósta agus seacláid saor in aisce ar fáil ar an oíche agus bhí slua iontach ann ar an oíche.

Ar an Máirt bhí an Cuardach Craiceáilte againn agus bhí lá iontach againn don gCuardach. Bhí roinnt mhaith foireann ag glacadh páirt, b’fhéidir toisc an duais airgid a bhí ann dos na buaiteoirí agus na daoine a tháinig sa tarna áit. I ndiaidh timpeall 45 nóimead an-thaitneamhach tháinig an chéad fhoireann ar ais! Bhí an rás don tarna áit an-chóngrach ar fad! Ar an iomlán bhí Cuardach Craiceáilte an-mhaith againn!

Ar an gCeadaoin ansan bhí cluiche peile síos sa Mardyke ag ám lón. Bhí an t-ádh orainn nach raibh aon bháisteach ar an lá agus ní raibh aon troid ar an bpáirc imeartha chomh maith! Sa chéad chluiche bhí an bua ag na buachaillí i gcoinne na cailíní agus sa tarna cluiche bhí an bua ag an Dara bliain i gcoinne gach duine eile! #WoopWoop

Ansin bhí an lá mór ann sa deireadh! Bhí lá Bál na Gaeilge tagtha faoi dheireadh! D’fhág mé an Choláiste ag a 4, chuaigh mé go dtí an tirimghlantóirí chun mo chulaith a bhailiú agus abhaile liom chun fháil réidh. Bhualas leis mo chairde timpeall a 7 agus timpeall ceathrú chun a 8 chuamar go dtí an óstán. Bhí béile iontach ann agus fuaireamar cainteanna iontach ó Úachtarán Aontas na Mac Léinn, Aidan Coffey, agus ó thráchtaire tg4 Brian Tyers! I ndiaidh é sin tháinig slua na ‘afters’ agus thosaigh an banna ceol, Music Makers, ag seinnt. Banna ceol den scoth is ea iad agus bhain gach duine an-sult as a chuid ceol. I ndiaidh é sin bhí DJ soc ag seinnt dúinn agus arís bhain gach duine an-taitneamh as a chuid ceol. An oíche ab fhearr a bhí agam ríomh san Ollscoil gan dabht ar bith i m’aigne!

Bhí seachtain níos ráthúla againn ná féidir sámhlú ríomh. Bhí na sluaite againn do gach imeacht agus do thaispeáin sé sin dom go bhfuil an-suim agus grá don Ghaeilge san Ollscoil. Cuireann sé sin gliondar i mo chroí mar is Éireannach muid agus ba cheart go mbeadh grá ag daoine don teanga!

Le grá,

Poodles xx

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s